Sunday 21 October 2018

Liosta Léitheoireachta

Cook, V. (2016) Second Language Learning and Language Teaching, 5ú heag., London: Routledge.
Mac Murchaidh, C. (2016), Cruinnscríobh na Gaeilge, 6ú heag., Baile Átha Cliath: Cois Life.
Mc Kay, H. agus Abigail, T. (1999) Teaching Adult Second Language Learners, Cambridge: Cambridge University Press.
Na Bráithre Críostaí (1980) New Irish Grammar, Baile Átha Cliath: Fallons.
Na Bráithre Críostaí (1999) Graiméir Gaeilge na mBráithre Críostaí, Baile Átha Claith: An Gúm.
Ó Baoill, D.P. agus Ó Tuathail, É. (1992) Úrchúrsa Gaeilge, Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.  
Ó Tuama, D. (2009) Graiméar Meánscoile, Baile Átha Cliath: C.J. Fallon.
Pachler, N., Evans, M., Redondo, A. agus Fisher, L. (2014) Learning to Teach Foreign Languages in the Secondary School: a companion to school experience, 4ú heag., London: Routledge.

Céim 4 (iii)

Céim 4 (iii)
Tasc follasach – riail bunaithe
  • ·         Cuirfear tús leis an gceacht trí chomhthéacs an ábhair a phlé.  Is é ‘an tionchar atá ag tionscal ar an gceantar máguaird’ ábhar an cheachta (sleamhnán 1 & 2).
  • ·         Cuirfear an téarma ‘páirtí leasmhara’ i láthair na bhfoghlaimeoirí agus soláthrófar míniú ar na téarma (sleamhnán 3).
  • ·         Déanfar plé ar chás samplach de chuid na hÉireann – Pfizer i gCo. Chorcaí (sleamhnáin 4 & 5).
  • ·         Iarrfar ar na foghlaimeoirí liosta de pháirtithe leasmhara a chur le chéile trí ransú smaointe a dhéanamh (sleamhnán 6 & 7).
  • ·         Tógfar persona pháirtí leasmhara amháin agus cuirfear téacs gairid i láthair na bhfoghlaimeoirí ina ndéantar cur síos ar na bealaigh ina dtéann an mhonarcha i bhfeidhm ar shaol an duine sin (sleamhnán 9). Beidh an spriocstruchtúr teanga aibhsithe sa téacs.
  • ·         Tasc 1 (a): Iarrfar ar fhoghlaimeoirí person a thógáil orthu féin (Siobhán, oibrí sa mhonarcha) agus iarrfar orthu cuntas a scríobh ar na bealaigh a dtéann an mhonarcha i bhfeidhm uirthi.  Iarrfar orthu an spriocstruchtúr a úsáid ag leanúint an tsampla a tugadh ar shleamhnán 9 (sleamhnán 10).
  • ·         Tasc 1 (b): Iarrfar ar fhoghlaimeoirí páirtí leasmhara dá gcuid féin a roghnú agus iarrfar orthu cúig abairt dá ndéantús féin a chumadh ina dtugtar cur síos ar na bealaigh ina dtéann an mhonarcha i bhfeidhm ar shaol an pháirtí a roghnaíodh (sleamhnán 11).
  • ·         Tasc 2: Iarrfar ar fhoghlaimeoirí cúig cheist a chumadh ionas gur féidir leo fáil amach cad iad na bealaigh ina dtéann an mhonarcha chun sochair do phobail na háite.  Beidh deis acu na ceisteanna a chur ar an múinteoir, a bheas sa ‘suíochán te’ agus persona an bhainisteora tógtha orthu féin.  Táthar ag súil go mbeidh an sprioc struchtúr in úsáid ag na foghlaimeoirí ar bhealach neamhfhollasach.


 Tá fáil ar na sleamhnáin ppt ag an nasc seo a leanas: